top of page

Athbhreithniú ar Phleananna Teanga agus ar 10 Limistéar Pleanála Teanga

Dá mba mhian leat aighneacht a sheoladh chugainn is féidir leat sin a dhéanamh ach cloígh leis na treoracha atá tugtha sa cháipéis ar an nasc seo.  Glacfar le haighneachtaí suas go dtí an 30 Samhain 2023.

Eolas

Thíos faoi gheofar eolas i dtaca leis na nithe seo a leanas:

  • Na Tearmaí Tagartha

  • Na Limistéir Pleanála Teanga

  • An Cúlra

  • An Cur chuige

Téarmaí Tagartha.jpg

Téarmaí Tagartha

Deirtear in Acht na Gaeltachta, 2012 go ndéanfaidh “an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an bplean Gaeilge arna cheadú faoi alt 7(11) a chur i ngníomh i gceann cibé eatraimh is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí chun an plean lena mbaineann a chur i ngníomh.” Áirítear ceithre mhír sna téarmaí tagartha, is iad sin:

Mír 1: Cur chuige chun athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna teanga a ullmhú;

Mír 2: Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga de chuid Limistéir Pleanála Teanga;

Mír 3: Tuairisc a chur ar fáil don Roinn agus do na Ceanneagraíochtaí pleanála teanga maidir le gach plean teanga;

Mír 4: Tuairisc iomlán a chur ar fáil don Roinn maidir leis an phictiúr iomlán a thagann chun cinn ón anailís ar an 10 bplean atá luaite i Mír 2.

Mír 5: Moltaí sonracha a chur ar fáil sa tuairisc a luaitear i Mír 4 maidir le cad a d’fhéadadh a bheith á dhéanamh ag an Roinn agus Údarás na Gaeltachta chun cur i bhfeidhm an próiseas pleanála teanga a fheabhsú, bunaithe ar aon treochtaí ábhartha a aithnítear agus athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna teanga.

An Ghaeltacht.jpg

10 Limistéar Pleanála Teanga

  • Cloich Chionn Fhaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh

  • Na Déise

  • Ciarraí Theas

  • Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir

  • Ciarraí Thiar

  • Conamara Láir

  • An Cheathrú Rua

  • Maigh Eo Thuaidh

  • Ráth Chairn agus Baile Ghib

  • Árainn Mhór

White Structure

An Cúlra agus An Cur Chuige

An Cúlra:

Is é an sprioc ardleibhéil atá ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tacú leis an nGaeilge agus úsáid na Gaeilge a neartú mar phríomhtheanga phobail sa Ghaeltacht. Cistíonn an Roinn Údarás na Gaeltachta mar ghníomhaireacht forbartha réigiúnaí don Ghaeltacht agus oibríonn sí i ndlúthchomhar leis. Comhchistíonn sí Foras na Gaeilge agus oibríonn sí i ndlúthchomhar leis agus é ag obair chun tacú leis an nGaeilge ar bhonn uile-oileáin.

Cistíonn sí Oifig an Choimisinéara Teanga freisin. Tá freagracht uileghabhálach ar an Roinn as an Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010- 2030 a chur chun feidhme. Cothaítear leis an Straitéis cur chuige iomlánaíoch comhtháite i leith na Gaeilge, ar cur chuige é atá ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Gné thábhachtach den Straitéis is ea an próiseas pleanála teanga a chur chun feidhme i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge.

Is i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Acht na Gaeltachta 2012 a chuirtear an próiseas pleanála teanga i bhfeidhm sna ceantair éagsúla. Is trí chur chuige comhpháirtíochta idir an pobal agus na heagraíochtaí pobail, i gcomhar leis an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, is ea is fearr atá an próiseas pleanála teanga á gcur i bhfeidhm.

Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina bhfuil pleananna teanga á n-ullmhú agus á bhfeidhmiú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar Limistéir P
leanála Teanga Ghaeltachta (LPT), mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta (BSG) nó mar Líonraí Gaeilge (LG). Tá an próiseas bunaithe anois agus 36 plean ceadaithe ina iomláine, idir 26 LPT, 7 BSG agus 3 LG.

 

An Cur Chuige:

 

Mír 1: Cur chuige chun athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna teanga a ullmhú:

1. Cur chuige agus teimpléad a dhréachtú a bheidh oiriúnach chun athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna teanga atá ceithre bliana d’fheidhmiú bainte amach acu. Beidh réasúnacht shoiléir ag an gcur chuige seo a ndéanfaidh cúram de na nithe seo a leanas:

a. Anailís ar fheidhmiú an phlean teanga go dáta

b. Scrúdú ar nithe den phlean nár chuireadh i gcríoch

c. Anailís ar aon leasú de spriocanna/bearta an phlean gur mian leis an gceanneagraíocht a dhéanamh

 

2. Príomhtháscaire feidhmíochta caighdeánach a leagadh amach mar a bhaineann sé le hathbhreithniú a dhéanamh ar phleananna teanga.

3. Moltaí a dhéanamh maidir le straitéisí, ar feadh tréimhse fheidhme an phróisis pleanála teanga.

4. Cuirfear cóip den chur chuige críochnúil ar fáil don Roinn nuair atá sé ar fáil.

 

Mír 2: Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga de chuid Limistéir Pleanála Teanga:

1. Athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú 10 bplean teanga a bhaineann le Limistéir Pleanála Teanga. Cuirfidh an Roinn liosta de na LPTanna atá i gceist ar fáil.

2. Bainfear úsáid as an gcur chuige a chruthófar faoi Mhír 1 chun an t-athbhreithniú seo a dhéanamh.

 

Mír 3: Tuairisc a chur ar fáil don Roinn agus do na Ceanneagraíochtaí pleanála teanga maidir le gach plean teanga:

 

1. An t-athbhreithniú críochnúil a chur ar fáil don Roinn agus don Cheanneagraíocht ábhartha nuair atá sé ar fáil. D’fhéadadh sé seo a bheith scaipthe ar pháirtithe leasmhara eile freisin.

 

Mír 4: Tuairisc iomlán a chur ar fáil don Roinn maidir leis an phictiúr iomlán a thagann chun cinn ón anailís ar an 10 bplean atá luaite i Mír 2:

1. Tuairisc amháin iomlán a chur ar fáil don Roinn maidir leis an phictiúr iomlán a thagann chun cinn ón anailís ar an 10 bplean atá luaite i Mír 2 nuair atá anailís déanta orthu.

 

Mír 5: Moltaí sonracha a chur ar fáil sa tuairisc a luaitear i Mír 4 maidir le cad a d’fhéadadh a bheith á dhéanamh ag an Roinn agus Údarás na Gaeltachta chun cur i bhfeidhm an próiseas pleanála teanga a fheabhsú, bunaithe ar aon treochtaí ábhartha a aithnítear agus athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna teanga:

1. Moltaí sonracha a chur ar fáil maidir leis an méid gur féidir leis an Roinn agus Údarás na Gaeltachta a dhéanamh chun feabhsú cur i bhfeidhm an phróisis, bunaithe ar nithe comónta a thagann chun cinn in athbhreithniú na bpleananna.

 

Modheolaíocht

Chun na tascanna atá leagtha amach faoi na míreanna thuasluaite a chur i gcrích, glactar leis go mbeidh gá le:

  • Anailís a dhéanamh ar phleananna teanga;

  • Plé a dhéanamh le páirtithe leasmhara lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do: eagraíochtaí poiblí agus Stáit; An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; An Cheanneagraíocht agus Údarás na Gaeltachta;

  • Taighde cainníochtúil agus cáilíochtúil.

bottom of page