top of page
Wave

FÚINN/ABOUT US

Éist leis an Dr. Ó Duibh ag caint ar Bladhaire RnaG faoi na seirbhísí a chuireann BARR FEABHAIS TEO ar fáil:  

 

An Dr. Ó Duibh ar Bladhaire.png

Seo chugat thíos roinnt eolais faoinár gcúlra, faoinár gcáilíochtaí agus faoi chaighdeán ár gcuid oibre mar aon le blaiseadh beag tuisceana ar cá luíonn ár gcuid saineolais.

Barr Feabhais Pic.png

Below you will find some useful information about our background, our qualifications, our expertise and the standard of work we provide.

White Structure
Wave

Rogha na Rathúlachta / Solutions for Success

Bunaíodh BARR FEABHAIS TEO ar an 16 Nollaig 2021 agus misean aige le bheith ar an Ghaelchomhlacht is fearr, is cruthaithí agus is tarraingtí sa tír sna seirbhísí a chuireann sé ar fáil. Le gach cliant agus muid ag tabhairt faoinár gcuid oibre, léiróidh muid nuálaíocht, ceannródaíocht, saineolas agus cumas. Cuirfidh muid barr feabhais ar aon phíosa oibre a dhéanann muid.

Lig dúinn an barr feabhais sin atá uait a chur ar do chuid oibre. Déan teagmháil linn inniu agus faigh amach cad é is féidir linn a dhéanamh duit.

Barr Feabhais Limited was founded on 16 December 2021 with a mission to be the most successful, creative and sought after Irish language friendly agency throughout Ireland in the services we offer. Each client will see the 'barr feabhais' factor in our work, our innovation, our expertise, our capability and in our overall approach.

Let us put that 'barr feabhais' into your work.  Give us a call today and see what we can do for you.

Luach ar Airgead / Value for Money

Tá togha agus rogha taithí, cáilíochtaí, saineolais agus sárchumas ag foireann Barr Feabhais Teo. Tugtar faoi obair go díograiseach dúthrachtach, le muinín agus le tiomantas.  Baintear spriocanna amach in am agus ar ardchaighdeán. Cuirtear ardchaighdeán oibre agus sástacht an chliaint roimh gach rud.

Rátaí Gairmiúla: Ofráiltear an chéad seisiún saor in aisce mar aon le rátaí oibre atá réasúnta agus ar d'acmhainn.

In Barr Feabhais Ltd. we have a vast wealth of expertise, experience, qualifications and capabilities.  All work is undertaken diligently and confidently. Work is completed on time and to an exceptionally high standard. We pride ourselves on our high standards and client satisfaction rate. 

Professional RatesWe offer a free introductory session and professional rates to suit your budget thereafter. 

2022-01-29.png

AN RÉSUMÉ (English version follows)

  • PhD ⁊ cáilíochtaí eile 3ú leibhéal i mbainisteoireacht, i ngnóthachtáil ⁊ sa Ghaeilge;

  • Aistritheoirí a bhfuil Séala Creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge d'Aistritheoirí bainte amach acu;

  • Aistritheoirí a bhfuil cáilíochtaí san aistriúchán ag leibhéal máistreachta bainte amach acu;

  • Aistritheoirí a bhfuil taithí acu bheith ag obair le www.ccea.org.uk;

  • Aistritheoirí atá aitheanta mar aistritheoirí le www.welocalize.com agus le https://www.facebook.com/TranspiralLtd; 

  • Cuireann Barr Feabhais Teo cúrsa aistriúcháin ar fáil do mhic léinn www.oideas-gael.com;

  • Taithí/tuiscint ag an leibhéal is sinsearaí (príomhfheidhmeannach agus cathaoirleach) i réimse leathan ábhar, bainisteoireacht, forbairt, oideachas agus an Ghaeilge ina measc;

  • Taithí mhór ar ionadaíocht a dhéanamh thar cheann eagraíochtaí i dTeach Parlaiminte na hÉireann ó thuaidh, i Westminster Shasana, i nDáil Éireann, i gComhthionól na Breataine Bige, i  bParlaimint na hEorpa ⁊ i gComhdháil Stáit Aontaithe Mheiriceá;

  • Taithí mhór mar oifigeach cuntasaíochta ar bhainistiú buiséid suas go £1 milliún;

  • Taithí mhór ag obair le hairí rialtais, lena gcomhairleoirí speisialta, le buanrúnaithe rialtais ⁊ lena bhforais phoiblí neamhrannacha;

  • 20 bliain de thaithí ag obair le gaelscoileanna na tíre ag leibhéal straitéiseach ⁊ oibríochtúil;

  • 20 bliain de thaithí ag obair leis na forais Ghaeilge uile atá státmhaoinithe ó thuaidh ⁊ ó dheas;

  • 20 bliain de thaithí sa chomhairleoireacht, san aistriúchán, in eagarthóireacht chriticiúil, i léamh profaí, i mbainistíocht foirne, i ndéanamh cinntí;

  • 20 bliain de thaithí ag obair in earnáil an oideachais ⁊ in earnáil an phobail.    

  • 15 bliana de thaithí ag obair leis na mórpháirtithe polaitíochta; 

  • 10 mbliana de thaithí i soláthar cúrsaí ⁊ sa léachtóireacht.

Barr Feabhais Pic.png

RÉSUMÉ

  • PhD & other 3rd level qualifications in management, performance & the Irish language;

  • Qualifications in Translation: Foras na Gaeilge's Seal of Accreditation for Irish Language Translators, qualifications in translation at MA level.

  • Experience in carrying out translation work for www.ccea.org.uk and www.welocalize.com;

  • Barr Feabhais Teo wrote and delivered a tailor-made course for students attending www.oideas-gael.com;

  • Vast experience, insight, and understanding of management, development, education and Irish language matters at the highest levels, (chairperson/CEO);

  • Represented organisations at NIA, Westminster, Dáil Éireann, Welsh Assembly, European Parliament & in the US Congress;

  • Managed between £500K & £1 million budgets at Accounting Officer level;

  • Worked with governmental ministers, permanent secretaries, SpAds, & Non-Departmental Public Bodies;

  • 20 years' experience working with Irish-medium schools at strategic and operational level;

  • 20 years’ experience working with all state funded Irish language bodies north & south;

  • 20 years’ experience in consultancy, translating, critical editing, proofreading, team management & decision-making;

  • 20 years’ experience in education, community, & public sectors;

  • 15 years’ experience working with all the major political parties;

  • 10 years' experience in course delivery & lecturing.

bottom of page