Athbhreithniú ar Phleananna Teanga agus ar 10 Limistéar Pleanála Teanga
Dá mba mhian leat aighneacht a sheoladh chugainn is féidir leat sin a dhéanamh ach cloígh leis na treoracha atá tugtha sa cháipéis ar an nasc seo. Glacfar le haighneachtaí suas go dtí an 30 Samhain 2023.
Eolas
Thíos faoi gheofar eolas i dtaca leis na nithe seo a leanas:
-
Na Tearmaí Tagartha
-
Na Limistéir Pleanála Teanga
-
An Cúlra
-
An Cur chuige
Téarmaí Tagartha
Deirtear in Acht na Gaeltachta, 2012 go ndéanfaidh “an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an bplean Gaeilge arna cheadú faoi alt 7(11) a chur i ngníomh i gceann cibé eatraimh is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí chun an plean lena mbaineann a chur i ngníomh.” Áirítear ceithre mhír sna téarmaí tagartha, is iad sin:
Mír 1: Cur chuige chun athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna teanga a ullmhú;
Mír 2: Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga de chuid Limistéir Pleanála Teanga;
Mír 3: Tuairisc a chur ar fáil don Roinn agus do na Ceanneagraíochtaí pleanála teanga maidir le gach plean teanga;
Mír 4: Tuairisc iomlán a chur ar fáil don Roinn maidir leis an phictiúr iomlán a thagann chun cinn ón anailís ar an 10 bplean atá luaite i Mír 2.
Mír 5: Moltaí sonracha a chur ar fáil sa tuairisc a luaitear i Mír 4 maidir le cad a d’fhéadadh a bheith á dhéanamh ag an Roinn agus Údarás na Gaeltachta chun cur i bhfeidhm an próiseas pleanála teanga a fheabhsú, bunaithe ar aon treochtaí ábhartha a aithnítear agus athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna teanga.
10 Limistéar Pleanála Teanga
-
Cloich Chionn Fhaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh
-
Na Déise
-
Ciarraí Theas
-
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir
-
Ciarraí Thiar
-
Conamara Láir
-
An Cheathrú Rua
-
Maigh Eo Thuaidh
-
Ráth Chairn agus Baile Ghib
-
Árainn Mhór
An Cúlra agus An Cur Chuige
An Cúlra:
Is é an sprioc ardleibhéil atá ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tacú leis an nGaeilge agus úsáid na Gaeilge a neartú mar phríomhtheanga phobail sa Ghaeltacht. Cistíonn an Roinn Údarás na Gaeltachta mar ghníomhaireacht forbartha réigiúnaí don Ghaeltacht agus oibríonn sí i ndlúthchomhar leis. Comhchistíonn sí Foras na Gaeilge agus oibríonn sí i ndlúthchomhar leis agus é ag obair chun tacú leis an nGaeilge ar bhonn uile-oileáin.
Cistíonn sí Oifig an Choimisinéara Teanga freisin. Tá freagracht uileghabhálach ar an Roinn as an Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010- 2030 a chur chun feidhme. Cothaítear leis an Straitéis cur chuige iomlánaíoch comhtháite i leith na Gaeilge, ar cur chuige é atá ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Gné thábhachtach den Straitéis is ea an próiseas pleanála teanga a chur chun feidhme i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge.
Is i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Acht na Gaeltachta 2012 a chuirtear an próiseas pleanála teanga i bhfeidhm sna ceantair éagsúla. Is trí chur chuige comhpháirtíochta idir an pobal agus na heagraíochtaí pobail, i gcomhar leis an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, is ea is fearr atá an próiseas pleanála teanga á gcur i bhfeidhm.
Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina bhfuil pleananna teanga á n-ullmhú agus á bhfeidhmiú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (LPT), mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta (BSG) nó mar Líonraí Gaeilge (LG). Tá an próiseas bunaithe anois agus 36 plean ceadaithe ina iomláine, idir 26 LPT, 7 BSG agus 3 LG.
An Cur Chuige:
Mír 1: Cur chuige chun athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna teanga a ullmhú:
1. Cur chuige agus teimpléad a dhréachtú a bheidh oiriúnach chun athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna teanga atá ceithre bliana d’fheidhmiú bainte amach acu. Beidh réasúnacht shoiléir ag an gcur chuige seo a ndéanfaidh cúram de na nithe seo a leanas:
a. Anailís ar fheidhmiú an phlean teanga go dáta
b. Scrúdú ar nithe den phlean nár chuireadh i gcríoch
c. Anailís ar aon leasú de spriocanna/bearta an phlean gur mian leis an gceanneagraíocht a dhéanamh
2. Príomhtháscaire feidhmíochta caighdeánach a leagadh amach mar a bhaineann sé le hathbhreithniú a dhéanamh ar phleananna teanga.
3. Moltaí a dhéanamh maidir le straitéisí, ar feadh tréimhse fheidhme an phróisis pleanála teanga.
4. Cuirfear cóip den chur chuige críochnúil ar fáil don Roinn nuair atá sé ar fáil.
Mír 2: Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga de chuid Limistéir Pleanála Teanga:
1. Athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú 10 bplean teanga a bhaineann le Limistéir Pleanála Teanga. Cuirfidh an Roinn liosta de na LPTanna atá i gceist ar fáil.
2. Bainfear úsáid as an gcur chuige a chruthófar faoi Mhír 1 chun an t-athbhreithniú seo a dhéanamh.
Mír 3: Tuairisc a chur ar fáil don Roinn agus do na Ceanneagraíochtaí pleanála teanga maidir le gach plean teanga:
1. An t-athbhreithniú críochnúil a chur ar fáil don Roinn agus don Cheanneagraíocht ábhartha nuair atá sé ar fáil. D’fhéadadh sé seo a bheith scaipthe ar pháirtithe leasmhara eile freisin.
Mír 4: Tuairisc iomlán a chur ar fáil don Roinn maidir leis an phictiúr iomlán a thagann chun cinn ón anailís ar an 10 bplean atá luaite i Mír 2:
1. Tuairisc amháin iomlán a chur ar fáil don Roinn maidir leis an phictiúr iomlán a thagann chun cinn ón anailís ar an 10 bplean atá luaite i Mír 2 nuair atá anailís déanta orthu.
Mír 5: Moltaí sonracha a chur ar fáil sa tuairisc a luaitear i Mír 4 maidir le cad a d’fhéadadh a bheith á dhéanamh ag an Roinn agus Údarás na Gaeltachta chun cur i bhfeidhm an próiseas pleanála teanga a fheabhsú, bunaithe ar aon treochtaí ábhartha a aithnítear agus athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna teanga:
1. Moltaí sonracha a chur ar fáil maidir leis an méid gur féidir leis an Roinn agus Údarás na Gaeltachta a dhéanamh chun feabhsú cur i bhfeidhm an phróisis, bunaithe ar nithe comónta a thagann chun cinn in athbhreithniú na bpleananna.
Modheolaíocht
Chun na tascanna atá leagtha amach faoi na míreanna thuasluaite a chur i gcrích, glactar leis go mbeidh gá le:
-
Anailís a dhéanamh ar phleananna teanga;
-
Plé a dhéanamh le páirtithe leasmhara lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do: eagraíochtaí poiblí agus Stáit; An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; An Cheanneagraíocht agus Údarás na Gaeltachta;
-
Taighde cainníochtúil agus cáilíochtúil.