DEISEANNA LINNE
RÓL MAR CHOMHLACH GAIRMIÚIL
CLÁRAIGH SPÉIS
Ár Seirbhísí
Comhairleoireacht Ghnó / Business Consultancy
Múnlú ⁊ Saibhriú Teanga / Language Modelling & Enrichment Services
Tiontú Teanga / Translating Services
Sainsheirbhísí Gaelscoile / IME Services
An bhfuil taithí agat ar aistriú, ar eagarthóireacht, ar léamh profaí nó ar fhormáidiú?
Coinníonn Barr Feabhais Teo. liosta de Chomhlaigh Ghairmiúla atá incháilithe le tionscadail ar leith a chur i gcrích le linn tréimhsí criticiúla gnó.
I measc na réimsí oibre, ag brath ar do thaithí, beidh:
-
Aistriú,
-
Eagarthóireacht,
-
Léamh profaí,
-
Formáidiú,
Is obair ó Bhéarla go Gaeilge a bheidh ann den chuid is mó ach beidh ó Ghaeilge go Béarla i gceist fosta ó am go ham.
Mar Chomhlach Gairmiúil:
-
Déanfar an obair i do chuid ama féin agus de réir sprioc-ama;
-
Déanfar freastail ar chruinnithe ar líne de réir mar is gá;
-
Cuirfear ar an eolas thú ar iomlán na hoibre a bheidh le déanamh agat;
-
Tabharfar tacaíocht duit;
-
Íocfar táille ghairmiúil leat de réir líon na bhfocal a aistrítear.
Is deis iontach í seo d'aistritheoirí neamhspleácha nó do ghairmithe eile ioncam breise a thuilleamh agus taithí luachmhar a fháil ar aistriú, ar eagarthóireacht, ar léamh profaí agus ar fhormáidiú.
Cláraigh linn!
Sula gcláraíonn tú spéis, léigh na réamhriachtanais seo a leanas:
CAIGHDEÁIN
-
Bheith in ann cloí le gnásanna, rialacha agus treoracha An Caighdeán Oifigiúil 2017;
-
Caighdeán aistriúcháin bheith ag caighdeán ISO 17100 nó a chomhionann;
-
Bheith in ann Gaeilge mhaith chruinn a chur ar théarmaíocht atá teicniúil nó dlíthiúil;
-
Ardchumas i léamh profaí.
SONRAÍ NA nÍOSRIACHTANAIS THEICNIÚLA AGUS GHAIRMIÚLA
Ceann amháin nó níos mó de na cáilíochtaí seo a leanas (nó a gcoibhéis).
-
Séala Creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge;
-
TEG – leibhéal B2 nó níos airde (ní mór 65% i scríobh agus úsáid na Gaeilge bheith agat);
-
Cáilíocht sa Nua-Ghaeilge ag Leibhéal 7 nó níos airde ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí;
-
Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán Gaeilge ag Leibhéal 9 ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí;
-
Ard-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil (Gaeilge);
-
ME san Aistriúchán, san Ateangaireacht agus i Scileanna Gairmiúla Teanga.
TAITHÍ
Ar a laghad bliain amháin taithí ar aistriú cáipéisí ó Bhéarla go Gaeilge. Is féidir leis an taithí sin a bheith agat mar chuid de do ghnáthobair.
Is féidir leat spéis a chlárú trí r-phost a sheoladh chuig eolas@barrfeabhais.com
-
Cuir COMHLACH GAIRMIÚIL mar theideal
-
Ceangail CV. Sonraí atá de dhíth sa CV:
-
Sonraí cuí pearsanta.
-
Sonraí faoi na cailíochtaí cuí atá agat.
-
Sonraí faoi na scileanna cuí atá agat.
-
Sonraí faoin taithí chuí atá agat.
-
Ní ghlacfar le CV atá níos faide ná 3 leathanach A4.
-